In eagrán 3 de Guth na Gaillimhe, labhraíonn Seán Ó Maoilchiaráin agus James Varley le beirt a bheidh ag tabhairt faoin stáite mar chuid d’fhéile amharclannaíochta na Gaillimhe chomh maith le craoltóir spóirt atá ag obair ar thionscadal úrnua chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus í nasctha leis an rugbai.
Tá Féile Amharclannaíochta na Gaillimhe tagtha thar n-ais agus mar chuid den fhéile beidh ‘Neill | Páidín’ ar siúl sa Taibhdhearc. Is é Eoghan Ó Dubhghail atá sa phríomhról agus labhraíonn sé linn faoin seó agus faoin obair a bhí le cur isteach ag an bhfoireann lena thabhairt chun stáitse.
Chomh maith leis sin, tá Bláthnaid Daly linn, scríobhneoir agus aisteoir faoina seó ‘Connemarvelous’ a thugann leargas greannmhar ar aistear chun na Gaeltachta mar dhéagóir.
Beidh Ciarán Ó Flaithearta linn chomh maith. Tá sé, agus a chara Seán Ó Ciardha tar éis podchraoldh rugbai a thosú trí Ghaeilge a thugann deis do dhaoine fanacht suas chun dáta le saol an rugbai chomh maith le níos mó Ghaeilge a shníomh isteacht ina saoil.