The death has occurred of Patrick (Pat) Bergin
Formerly of Birr, Borris-in-Ossory, Laois
On July 02, Partrick’s life’s journey came to a peaceful end with his dearly beloved family by his side at the Galway Hospice. Beloved husband of Nuala and much-loved father of Ronan, Bláthnaid and Orla. Deeply mourned by his wife, son and daughters, by his sister Ann Hooton and his four grandchildren Thomas, Helen, Grace and Finn. Predeceased by his parents Paddy and Sadie. Rest in peace.
He will be fondly remembered and sadly missed by his daughter-in-law Rhoda and sons-in-law Paul Speedy and Conor Little and by the extended Bergin and Rohan families, wonderful neighbours and close friends.
Known for his work with AnCO/Fás and for his longstanding involvement with the Galway Sub-aqua Club, he will be dearly missed also by his many colleagues agus a chairde go léir.
Funeral Arrangements:
Friday, 3rd July : Reposing at the O’Flaherty Funeral Parlour, Munster Avenue, Galway (H91 V1K8) from 6 p.m. - 7:30 p.m.
Saturday, 4th July : Requiem Mass will be celebrated for Pat on arrival at Galway Cathedral at 9:30 a.m. Following Mass, Patrick will be laid to rest in Rahoon cemetery. Livestream link for Mass here
No flowers please. Memorial donations, if desired, to the Galway Hospice.
Rest easy, dear friend
In ár gcroíthe go brách
Beannacht Dé lena anam
Book of Condolence If you would like to leave a personal message of sympathy for the family please see the online book of Condolence below. The family would like to thank you for your love and kindness at this time. Go raibh maith agaibh go léir.
As Gaeilge
Ar an 2 Iúil, d’imigh Pat Bergin ar shlí na fírinne go síochánta in Ospís na Gaillimhe, agus a chlann mhuintire dhíl timpeall air. Fear céile dílis le Nuala agus athair grámhar do Ronan, Bláthnaid agus Orla. Fágann sé ina dhiaidh a bhean chéile, a mhac agus a iníonacha, a dheirfiúr Ann Hooton, agus a cheathrar garpháistí, Thomas, Helen, Grace agus Finn, atá faoi bhrón mór ina dhiaidh. Imithe roimhe, tá a thuismitheoirí, Paddy agus Sadie. Ar dheis Dé go raibh a n-anamacha.
Aireoidh a iníon chéile Rhoda, a mhic chéile Paul Speedy agus Conor Little, muintir Bergin agus muintir Uí Rócháin, a chomharsana dílse agus a chairde uathu go mór é. Beidh cuimhní geala ag a chuid iar-chomhghleacaithe in AnCO/FÁS agus ag baill Chumann Tumadóireachta na Gaillimhe air, mar a chaith sé blianta fada ag obair leo agus ag tabhairt a chuid ama dóibh.
Socrú Sochraide
Dé hAoine, 3 Iúil: Beidh Pat á thórramh i dTeach Tórraimh Uí Fhlaithearta, Ascaill na Mumhan, Gaillimh (H91 V1K8), ó 6.00i.n. go dtí 7.30i.n.
Dé Sathairn, 4 Iúil: Léifear aifreann na sochraide do Phat in Ardeaglais na Gaillimhe ar 9.30r.n. agus ina dhiaidh, beidh Pat á adhlacadh i Reilig Rathún. Craolfar an tAifreann beo ar líne anseo
Bláthanna ón gclann amháin le bhur dtoil. Más mian leat, is féidir síntiús cuimhneacháin a thabhairt d'Ospís na Gaillimhe.
Suaimhneas síoraí dá anam.
I gcroíthe ár gcairde agus ár muintire go deo.
Beannacht Dé lena anam.
Leabhar Comhbhróin Má theastaíonn uait teachtaireacht chomhbhróin a fhágáil don teaghlach, is féidir é sin a dhéanamh sa Leabhar Comhbhróin ar líne thíos. Gabhann an teaghlach buíochas ó chroí libh go léir as bhur gcomhbhrón, bhur ngrá agus bhur gcineáltas ag an am brónach seo. Go raibh míle maith agaibh go léir.