De bhunadh Naomh Anna Leitir Móir, chaith Pádraig Choilmín Ó Conghaile a óige ag imirt lena chlub. Ó tháinig deireadh lena chuid laethanta imeartha, tá sé sáite agus báite i riarachán an chlub agus tá sealanna éagsúla caite aige i rólanna éagsúla – mar Chisteoir, mar Leas-Chathaoirleach agus mar Chathaoirleach i measc rólanna eile.
Is í an Ghaeilge teanga chumarsáide an chlub agus déantar gach gnó de chuid an chlub, atá suite i gcroílár Ghaeltacht Chonamara, trí Ghaeilge. Leag Pádraig béim ar thábhacht na Gaeilge, ní hamháin sa chlub ach sa chontae freisin, i gcónaí agus é mar bhall agus mar oifigeach de chuid an chlub.
Scríobh Pádraig an leabhar iontach Leabhar Stair Naomh Anna 1964 - 2014 a dhéanann taifead ar stair an chlub ó na blianta tosaigh go dtí an lá atá inniu ann. Tá an iliomad alt agus grianghraf sa leabhar a leagann béim ar oidhreacht fhíorspeisialta an chlub Ghaeltachta seo.
D’eagraigh Naomh Anna Leitir Móir Comórtas Peile na Gaeltachta faoi stiúir chathaoirleacht Phádraig sa bhliain 2022 agus bronnadh bonn óir de chuid Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ar an gclub an bhliain chéanna mar aitheantas ar a dtiomantas don Ghaeilge.
Dar ndóigh, tá na blianta caite ag Pádraig mar ionadaí Chomórtas Peile na Gaeltachta de chuid na Gaillimhe agus cinntíonn sé féin agus lucht an choiste go n-eagraítear an Comórtas go héifeachtach agus go héifeachtúil i nGaillimh gach bliain.
Hailing from the Naomh Anna Leitir Móir Conamara club, Pádraig Choilmín Ó Conghaile spent his youth playing with the club. Since his playing days came to an end he has been heavily involved in the administration and has filled different administrative roles including terms as Treasurer, Vice-Chair and Chair among other roles.
Irish is the Language of the club, and all business of the club is conducted through Irish. Pádraig has always emphasised the importance of the Irish language not only in his club but in his county too as member and official of the club.
Pádraig was the author of Leabhar Stair Naomh Anna 1964 – 2014 which details the history of the club and contains many articles and photos that highlight the unique nature of Naomh Anna Leitir Móir.
Padraig has spent many years as a Galway representative of Comórtas Peile na Gaeltachta and along with other committee members ensures that the Comórtas is run effectively and efficiently in Galway every year.