GalwayBayFM

Ár gClub Déardaoin ón 7 Feabhra 8pm

Share this article
Ár gClub Déardaoin ón 7 Feabhra 8pm

Sraith nua a thabharfaidh léargas ar an méid a bhí ar bun ag ceithre chlub GAA i rith na bliana 2018.

Advertisement

Le 2,500 cumann cláraithe ar oileán na hÉireann, is é Cumann
Lúthchleas Gael, an eagraíocht cultúir agus spóirt is mó againn. Is beag
paróiste nach bhfuil cumann ann agus dá réir is é an cumann áitiúil
bunrúta na heagraíochta agus an phobail áitiúil. Sa tsraith 6 clár seo
rachaidh muid ar chúl dhathannaí na gcumann CLG chun léargas a fháil ar
na pobail, na teaghlaigh agus ar na heachtraí a thiteann amach i
gceithre chumann éagsúla le linn na bliana 2018 - CLG na Gaeltachta i
gCiarraí, Na Piarsaigh i nGaillimh, Na Dúnaibh i nDún na nGall agus Cill
Mochuda- na Crócaigh i mBaile Átha Cliath.

I mí Eanáir 2018, tá Cumann Caide na Gaeltachta ar an mbealach chuig
cluiche leathcheannais idirmheánach na gclubanna, iad ag súil áit a
fháil sa gcluiche ceannais agus ar dheis imeartha ar Pháirc an
Chrócaigh. Thiar i gConamara tá Corn Liam Mhic Cárthaigh tagtha chomh
fada le Cumann Peile na bPiarsach an oíche chéanna a bhfuil an chéad
seisiún traenála ag na gasúir faoi 8. Ó thuaidh sna Dúnaibh, táthar ag
ullmhú do Chomórtas Peile na Gaeltachta, onóir mhór ach tá obair mhór le
déanamh roimhe sin. San ardchathair tá fadhb ag an gcumann is mó sa
tír, Coill Mhochuda-Na Crócaigh, nach bhfuil dóthain páirceanna imeartha
acu.

Advertisement

 
Giotaí ó na clubanna:
Na Piarsaigh https://grabyo.com/g/v/gdYM6GDvGy8  
Na Dúnaibhhttps://grabyo.com/g/v/s2Tq6PuC3iN 
Coill Mhocuda Na Crócaigh https://grabyo.com/g/v/jiY6geT6FJc
An Ghaeltacht https://grabyo.com/g/v/UxT3eMrQJ66

Advertisement

Na Piarsaigh

Galway Bay FM – your Number 1 station for Sport. For the latest updates, results and fixtures.

Listen live  to Galway Bay FM Sport on the hour from 7am to 6pm (Monday to Friday).

For all your local, national and international sports commentaries, fixtures and results check out Over the Line on Fridays from 7pm to 10pm, Saturday and Sunday Sports from 1pm – 6pm and Over the Line on Mondays from 8pm to 10pm.

Check us out on Facebook, Instagram and X.

Advertisement
95.8 MHz Galway City
95.8 MHz Clifden & West Connemara
97.4 MHz South Connemara & Aran Islands
96.8 MHz County Galway
97.4 MHz East Galway
97.2 MHz Gort Area

Copyright © 2025. Developed by Square1 and powered by PublisherPlus.com

Download the GBFM App
Advertisement